Mairg do ghrios Giolla Pádruig

Mairg do ghrios Giolla Pádruig
gan chion dá ghnúis ghealfhadbhuig,
gruaidh an ghil aird fa asgaidh
—mairg nar dhligh—gur dheargastair.

Maírg do ghrios a ghruaidh dtibhrigh
an tseabhaig dheirg dhoinningnigh;
clár finnleargan a aighthe
d'imdheargadh dob anaithne.

Is mairg teanga tug deathaigh
tre a ghnúis ríoghdha roichreachaigh;
a Dhé, na dhigh fam chineadh
dé an fhir do budh aindligheadh.

Is neach uainn do-rad, fa-rior,
loisne th'aighthe tre ainbhfior;
griosadh do ghruadh gcaomh gcrithreach,
mo-nuar, dob aor aindlightheach.

Do loisg an náire a aigneadh
an bealchorcra braghaidgheal;
an fhearg ag ruaimneadh a roisg,
an gruaidhgheal dearg is diochoisg.

Is beag airighthear dá fheirg
ar a ghlór no ar a ghaoidheilg;
gudhamhnach gion gur ghailbheach
an dubhfhabhrach donnmhailgheach.

Gidh eadh dá n-aorainnse féin
airdrigh Oirthir go haigmhéil,
fan aoir ní fhoil ach moladh
ag soin laoidh dá leasoghadh.

Do-ghéan laoidh dá leacain bhuig
mhaolfas goimh Giolla Phádruig;
budh cloch dhearg i n'dabhaigh fhuair;
raghaidh a fhearg dá anbhuain.

Dá bhfionnadh budh fada a bhuaidh
an té do aor Ó hAnnluain;
ni bhiu ag cleith fhaladh an fhir—
gabhal ar leith an luichtsin.

Uirsgèal agamsa 'mun aoir
don fhior tarla gan tathaoir;
ni bhear gusan ngealchas nglan
acht sgeal bheanfas re bunadh.

Toisg do-chuaidh Aithirne ard
i gCuigeadh Mumhan morgharg,
dár ghríos gruaidh dtaobhúir dtana
go bhfuair aonshúil Eochadha.

Dá dtarla ag teacht a Mumhain
abhann gusan ollumhain,
sruth leacach robhalbh rámhach,
Modharn bhreacach bhradánach.

Tig is a bhean ma-raon ris
go hath do thoidheacht tairis;
do-chi an bhean bruinne maighre
tre bhuinne mear Modhairne.

Tig do mhnaoi an éigis fheithmhigh
mian an éigne óireithrigh;
sur an mhaighre bhaillbhric bháin
faighdhe aimhghlic do fhoráil.

Aithnidh dibhse dáil na mban—
cor 'na n-aghaidh ní éadtar;
don fhilidh gér fhaighdhe dhoirbh
siridh maighre ar an Modhoirn.

Ón ló nach fuair an file
an t-eo síthe séimhidhe,
aorais Modhuirn ngil ngainmhigh
mir roghuirm fa a rioghmhaighribh.

Iongnadh le Modhairn a-mháin
bheith dá haoradh go heagcáir;
téid an t-eas in eagcruth ann,
do-feas éagnuch na habhann.

Tiomsaighis ó bhun go barr
in éinionadh an abhann
gur mheabhaidh an geigeas glan
i ndeaghaidh éigeas Uladh.

Do-chid go díogháir deanmnaigh
chuca an Modhairn móirmheanmnaigh;
(gá buinne dearg budh deinmne?)
fearg uirre re hAitheirne.

Do-rinne rithlearg molta
do dhiochor a dásochta;
do-chuala gér bhodhar balbh
uadha a moladh an Mhodharn.

Táinig di a ciall's cuimhne
le moladh na Modhuirne;
an maighre rug do roghain,
tug d'fhaighdhe don ollomhain.

Do fhagaibh d'fhiachaibh molta
a bradána ballchorcra
gur lán gach riasg uaine úr
uaidhe dá hiasg ar n-iompudh.

Gabhais Modharn an moladh
in ioc coire an ollomhan;
raghaidh laoidh 'na haghaidh uaim
i bhfalaidh aoir Í Annluain.

Biaidh leasughadh ar an laoidh,
biaidh tréigean ar an tathaoir;
aoir an ghille ní géabhthar;
budh binne an laoidh leiséaghthar.

Aoir ni gheabha neach a-nos;
ní bhí don bhréig acht deanos;
tuile sléibhe ag seacadh sin
nó is eatal gréine geimhridh.

Nó is sidhe gaoithe re gleann
toibhéim ar onchoin Éireann;
le sruth i gcéadóir do-chuaidh
guth èagcóir ar Ó nAnnluain.

Aireamhad áithis an fhir
i ndiaidh a eangnamh d'áirimh;
a cháineadh do-chóidh tre eas—
ni cóir áireamh a áitheas.

Do hairgeadh leis thoir is thiar
puirt Ghall Uladh is Oirghiall;
puirt Ghall Midhe 's a margadh,
barr Line arna lomargadh.

Coiseonaidh re cath Monach
Magh Moirtheimhne míolchonach;
fearfaidh crú Monchaigh 'mun magh
fár thorchair Cú na Ceardchan.

Craobh Thulcha fár thuit Eachaidh
airgthe leis do luaithchreachaibh;
Magh Rath do-bhearair gan bhoin
inar mheabhaidh cath Conghoil.

Tug ó Chloinn Aodha an fhiadhaigh
creach dob iomnáir d'Oirghiallaibh;
tug a Leath chlachbháin Chathail
creach dob athnáir d'Ultachaibh.

Tug creach mhor a Mhuigh Cabha;
biaidh ag cach a chomhramha;
rug sidhe iongnadh san Aird,
fionnMhagh Line do lomairg.
Translation: 
Language: 
Rate this poem: 

Reviews

No reviews yet.